Thuas:Gnáthóg Thírdhreach Boireannach
Is ón bhfocal Gaeilge “Boirinn” a eascraíonn an focal Béarla “Burren”, agus is éard is brí leis ná áit charraigeach. Is ainm fíor-oiriúnach é seo nuair a chuirtear an easpa ithreach agus fairsinge na Pábhála Aolchloiche nochta inti san áireamh. Mar sin féin, tagraíodh di mar “Fertile rock” san am atá caite i ngeall ar an meascán torthúil de luibheanna agus bláthanna atá le fáil.
Maireann plandaí Artacha-alpacha agus plandaí Meánmhuirí taobh le taobh, fásann plandaí cailciarrthacha (a dtaitníonn aol leo) agus cailctheifeacha (a dtaitníonn aigéad leo) in aice a chéile, agus fásann plandaí coillearnaí amuigh faoin spéir gan aon chrann in aice láimhe mar scáth ar an ngrian. Feicfidh tú freisin go bhfuil speicis áirithe le fáil go flúirseach i mBoireann, cé nach bhfuil siad coitianta in áiteanna eile. Maireann na plandaí seo ar fad i ndomhan a bhfuil cuma air nach bhfuil ann ach clocha amháin.
Tá an ball léibheannaithe níos óige dea-altach agus leabaithe go tréan le sraitheanna de chré agus sceall atá idirchurtha le leapacha aolchloiche sna hidirchéimeanna, ar gné sin a chruthaíonn próifíl shainiúil chéimnithe na gcnoc. Tá cloch a bhaineann leis an mball seo mar bhonn leis na limistéir sléibhe laistigh den Pháirc Náisiúnta agus sa cheantar máguaird. Áirítear leo sin na coimíní arda mar aon leis an Mullach Mór agus na cnoic Sliabh Rua agus na Cnocáin atá lasmuigh de phríomh-ardchlár aolchloiche Bhoirne agus atá ar an bpointe is faide thoir theas de cheantar sléibhe Bhoirne.
Ní an ball bunúsach maumcaha leabaithe ach ina chuid uachtair agus tá criosanna atá lán de silice (seirt) sa chuid is airde. Tá an tsraith seo mar bhunús leis na limistéir ísle sa pháirc.
Tá an Bhoirinn ar cheann de na samplaí is fearr ar domhan de thírdhreach oighearcharstach. Tá eolas ar dhá oighearleathadh ar a laghad i gceantar na Boirne. Mar sin féin, is dócha gurb éifeachtaí an
t-oighriú deiridh (Lár na Tíre) is mó atá le feiceáil sa Pháirc Náisiúnta. Ceaptar go raibh an chuid is mó den Bhoirinn faoi oighear le linn an oighriúcháin seo. Tá sé seo soiléir le láithreacht fosuithe úra de chré bholláin ag airde beagán faoi bhun 300 méadar. Ní dócha go raibh an clúdach oighir sách tiubh, áfach, agus b’fhéidir gur fhan cuid de na cnoic san iarthar siar ón oighear.
Rinne an t-oighear a chlúdaigh an Bhoirinn le linn na tréimhse seo aon scealla a bhí fágtha amach ón bPáirc a chreimeadh agus chabhraigh sé le cruth cruinn a thabhairt do na cnoic. Ba é an éifeacht a bhí ag na hoighearchlúidigh ná go leor den ábhar scaoilte a scríobadh sna limistéir pábhála ach bhí siad freagrach freisin as carnáin mhóra d’ábhar scaoilte (cré bholláin) a chur i bhfoirm droimníní agus moiréin nó dromanna ísle. Is féidir samplaí díobh seo a fheiceáil ar fhánaí thoir an Mhullaigh Mhóir. Bhog na hoighearshruthanna freisin agus chuir siad bolláin mhóra ar a dtugtar Carraigeacha Corra uaireanta, is féidir na bolláin mhóra aolchloiche seo a fheiceáil ar bharr na pábhála aolchloiche I gCnoc Bhaile Uí Mheachair, ceantar soir ó Mhullach Mór.
Tá éifeachtaí creimeadh tuaslagtha (carstú) a tharla níos luaithe scriosta mar gheall ar an oighearaois deiridh, mar sin níl carstú na Boirne sa lá atá inniu ann ach ag tarlú ón oighearaois deiridh thart ar 10,000 bliain ó shin. Mar sin tá Carst na Boirne sách nua-aimseartha i gcomparáid le Carst ó Oirthear na hEorpa.
Dá gcaithfeá súil ar Bhoirinn, seans go gceapfá nach bhfuil mórán eile inti ach cloch. Mar sin féin, is éiceachóras an-chasta atá ann. Tá na gnáthóga sa pháirc fite fuaite ina chéile agus is dá bharr sinn a chruthaítear meascán de ghnáthóga a bhfuil sé deacair iad a dhealú óna chéile. Is minic atá pábháil aolchloiche measctha le féarach cailcreach agus scrobarnach choill, nó is minic atá coillearnach fuinseoige le fáil ar phábháil aolchloiche.
Tá gach aon cheann de na gnáthóga móra i mBoirinn le fáil laistigh den pháirc. Tá thart ar 75% de na speicis de phlandaí atá le fáil in Éirinn le fáil laistigh de na gnáthóga i mBoirinn, lena n-áirítear 23 den 27 speiceas de mhagairlíní dúchasacha in Éirinn.
Is le Boirinn a shamhlaítear pábháil aolchloiche anois agus clúdaíonn sí an chuid is mó den Pháirc Náisiúnta, cé gur minic go bhfuil meascán de ghnáthóga eile i gceist. D’fhéadfadh an phábháil bheith mín nó ina smidiríní.
Tá féarach cailcreach le fáil ar léibhinn na sléibhte agus idir an phábháil aolchloiche freisin ina áiteanna a bhfuil sraith caol ithreach orthu agus ar shil-leaganacha oighreacha ar fud Bhoirne. Tá na féaraigh chailcreacha seo mar bhaile ag meascán neamhghnách flóra. Is iad na féaraigh seo, atá le fáil ina meascán le pábháil aolchloiche, a mheallann luibheolaithe ó gach cearn den domhan chun staidéar a dhéanamh ar an meascán uathúil plandaí seo a fhásann in éineacht lena chéile.
Foghlaim tuilleadh faoi fhéarach cailcreach inár dTreoir maidir le Gnáthóga.
Tá scrobarnach choill ina gnáthóg choiteann i mBoirinn atá le fáil áit ar bith a bhfuil a dóthain ithreach agus foscaidh inti. Tá réimsí móra de dheisceart Bhoirne clúdaithe go hiomlán le scrobarnach choill, ó ard na glúine suas le 5 mhéadar ar airde. Cuireann an choill foscadh ar fáil do go leor speiceas d’fhána (broic, cait chrainn, sionnaigh, ioraí rua, lucha agus dallóga fraoigh), agus do speicis de phlandaí agus crainn freisin ar nós an draighean donn, an sceach gheal, driseacha, an fhuinseog, cuileann agus saileach.
Níl coillearnach aibí dhuillsilteach le fáil go coitianta sa pháirc, ach tá roinnt samplaí iontacha ann de choillearnach fuinseoige, choill, d’fhorais phéine agus de choillearnach dharach/fuinseoige. Athróidh scrobarnach ina coillearnach aibí dhuillsilteach le himeacht ama má bhíonn a dóthain ithreach agus foscaidh ar fáil. Is dual do an coillearnacha seo bheith suite i ngleannta tirime a bhfuil taobhanna crochta thart timpeall orthu, áit a séideann an ghaoth thar a mbarr, nó faoi scáth ailte.
Is ón leagan Gaeilge ‘tuar loch’ a eascraíonn an focal Béarla turlough agus is éard is brí leis ná ‘loch a imíonn ar neamhní’. Tá turlaigh le fáil i limistéir a bhíonn faoi uisce le linn an gheimhridh nó le linn tréimhsí ina dtiteann báisteach throm. Is é screamhuisce, seachas aibhneacha, atá ina foinse uisce dóibh, agus sileann sé trí shúmairí nó trí scoilteanna i ngrinneall an locha. Den chuid is mó, tá leibhéal na gcothaitheach sna turlaigh atá sa Pháirc Náisiúnta an-íseal agus tá spéis mhór luibheolaíoch ag baint leo mar gheall ar a stádas olagatrófach. Tá an tor cúigmhéarach, ar speiceas annamh agus cosanta é, ar cheann de na plandaí atá le fáil sa chrios ardtuilte. Chomh maith leis sin, tá an caonach dorcha, Cinclidotis fontinaloides ann.
I limistéir áirithe ina bhféadfadh tuilte tarlú go tréimhsiúil nó go séasúrach, ar nós imill Loch Gealáin agus sa bhaile fearainn Béal Íochtair, tá móin chailcreach i ndiaidh fás. Tacaíonn na limistéir seo le fásra eanaigh shaibhir a bhfuil speicis, lena n-áirítear sifín, fionnán agus báchrán, mar aon le réimse speicis de mhagairlíní, ina sainghné díobh. Cé gur cailleadh bogaigh den chineál céanna in áiteanna eile sa tír trí dhraenáil, tá limistéir mhóra shlána d’eanach le fáil i mBoirinn.
Tá roinnt lochanna sa Pháirc Náisiúnta atá buan nó leathbhuan. Feidhmíonn cuid acu ar nós turlaigh go pointe áirithe, agus screamhuisce mar fhoinse uisce dóibh a shileann trí fhuaráin agus poill slogaide atá suite gar dóibh. Tá difríochtaí eatarthu; cuir i gcás Loch Buinne agus Travaun Lough, a bhíonn nach mór folamh le linn an tsamhraidh. Tá an limistéar is fairsinge de chorcach giolcaí le fáil thart ar Loch Bhéal Íochtair. Tá sé seo ina chuid de bhogach fairsing atá suite laistigh d’abhantrach an Fhorgais uachtair agus is dócha go bhfuil sé ar an gcóras cailcreach de lochanna olagatrófacha fíoruisce is tábhachtaí in Iarthar na hEorpa.
Is é an tírdhreach atá le fáil i gceantair shléibhe Bhoirne ná léibhinn atá roinnte idir aillte. Cruthaíodh limistéir de scileach ón smionagar a thit ó na haillte seo. Tá an fásra atá le fáil ar na haillte beagnach comhionann leis an bhfásra atá le fáil sna limistéir ina bhfuil pábháil. Mar sin féin, is minic a fhásann crainn níos mó ná crainn ar an bpábháil réidh nuair a fhaigheann siad greim sna haillte, ós rud é nach féidir le beostoc teacht chomh fada leo. Is féidir crainn iúir mhóra a fheiceáil ag fás ar fhánaí theas an Mhullaigh Mhór a bhfuil an chuma air nach bhfuil siad ag fás ach ar chloch lom.
Ó thaobh na luibheolaíochta de, tá Boirinn ar cheann de na réigiúin is iontaí in Iarthar na hEorpa: fásann plandaí in aice a chéile a fhaightear de ghnáth i gcodanna den mhór-roinn atá scoite i bhfad óna chéile. Mar shampla, is féidir teacht ar leaithíní, ar speiceas é a fhaightear de ghnáth i limistéir fho-artacha agus sléibhtiúla, ag fás in éineacht le speicis ó dheisceart na hEorpa ar nós an crobh dearg agus an magairlín glas, a fhaightear thart ar an Meánmhuir den chuid is mó.
Chomh maith leis sin, fásann plandaí a bhaineann le dálaí aigéadacha, ar nós fraoch, go flúirseach ar aolchloch Bhoirne, agus fásann plandaí a bhaineann le coillearnacha amuigh faoin spéir.
Thuas: Fraoch
Tá an ceadharlach Bealtaine ar an gceadharlach is lú, agus ní fhásann sé níos airde ná cúpla ceintiméadar de ghnáth. Mar sin féin, níl mórán plandaí ann atá inchurtha le gléine a pheiteal gorm.
Is ó Aibreán go Meitheamh a thagann an ilbhliantóg dhúchasach seo i mbláth. Fásann sé ar fhéarach clochach cailcreach, pábhálacha aolchloiche, dumhcha socra agus tá sé le fáil i mBoirinn, Contae an Chláir agus Contae na Gaillimhe.
Foinsí: Plantlife
Tá an tor beag síorghlas ilbhliantúil seo a bhfuil gais fhada reatha air ar cheann de sheoda Bhoirne. Tagann ‘Dryas’ ón bhfocal Gréigise drus nó Dair, tá a dhuilleoga beaga cosúil le mionduilleoga darach agus tá bun na nduilleoga ar dhath airgid. Tá ocht bpeiteal nó níos mó ná sin ar na bláthanna bána (20-40mm ) – ‘Octopetala’ – agus tá ciorcal de staimíní órga líonmhara orthu. Tagann sé i mbláth ó mhí Bealtaine go mí Iúil ar laftáin aolchloiche, aillte agus móintigh. Níos déanaí sa bhliain, iompraítear na síolta ar aicéiní clúmhacha 20-30mm atá ar dhath airgid. Cé nach bhfuil sé le fáil go forleathan in Éirinn, bhí sé an-choitianta ar fud na hEorpa níos mó ná 10,000 bliain ó shin de réir mar a léirítear i bhfianaise ar ghráin phailine. Tá sé ina chuid den ghné artach/alpach den flóra i mBoirinn, déanann sé go maith san Artach, agus i sléibhte na hEorpa agus tá sé ar an gcomhartha náisiúnta don Íoslainn. Tá sé ina phlanda dúchasach an-speisialta agus baineann sé leis an bhfine Rosaceae.
Foinsí: Wildflowers Ireland
Is planda é seo atá speisialta do Bhoirinn agus cúpla láthair eile san iarthar. Fásann an tor duillsilteach, clúmhach seo timpeall ar thurlaigh agus i limistéir charraigeacha eile ina dtarlaíonn tuillte. Tá sé beag, agus é gan ach 1 mhéadar ar airde ar a mhéad, tá coirt scafa air, agus tá triopaill de bhláthanna buí cúig pheiteal (2 cm ar leithead) air ó mhí Bealtaine go mí Iúil. Tá na plandaí seo fireann nó baineann, tá staimíní ar na cinn fireanna agus níl staimíní ar na cinn baineanna. Tá dath liathghlas ar na duilleoga, tá siad duillíneach agus bíonn 3 nó 5 dhuillín lansacha orthu. Tugadh Potentilla fruticose air roimhe seo, agus baineann an planda dúchasach seo leis an bhfine Rosaceae.
Foinsí: Wildflowers Ireland
Clúdaíonn sé áiteanna carraigeacha, bruacha agus fiú na cuasa beaga sa phábháil aolchloiche lena dhuilliúr fíortharraingteach agus a bhláthanna deargchorcra niamhracha. Ó mhí an Mheithimh go mí Lúnasa, tagann na bláthanna 2-3cm seo, ar a bhfuil cúig pheiteal, amach agus gach aon cheann ar a ghas gruagach féin. Tá na duilleoga cruinn agus tá siad deighilte go domhain, beagnach go dtí an bun, ina gcúig nó ina seacht maothán. Mar is coitianta i gcás na gcrobh dearg ar fad, tá deirí fada orthu ar nós gob éin a scarann ina gcúig síol. Baineann an planda dúchasach sármhaith seo de Bhoirinn leis an bhfine Geraniaceae.
Foinsí: Wildflowers Ireland
Faoin Ordú (Cosanta) Flóra 1999, tá an planda seo cosanta i bPoblacht na hÉireann, ciallaíonn sé sin go bhfuil sé toirmiscthe é a phiocadh, a stoitheadh, a dhíol nó é bheith i seilbh duine, ach amháin faoi cheadúnas. Is éard is brí le Helianthemum ná lus na gréine agus iompraíonn an tor beag reatha seo a raicéimeanna de bhláthanna órbhuí (10-15mm) a bhfuil peitil chraptha orthu ar nós scaláin bheaga gréine ó mhí Aibreáin go mí Iúil. Tá triopaill de staimíní órga ag ceartlár gach aon bhláth. Tá na duilleoga dúghlasa, atá leagtha amach os comhair a chéile, ar dhath airgid faoina mbun. Is planda dúchasach é seo nach bhfuil ar fáil ach amháin i gContae an Chláir agus a fhásann ar chlocha aolchloiche. Baineann sé leis an bhfine Cistaceae.
Foinsí: Wildflowers Ireland
Is féidir an magairlín fíorálainn seo a aimsiú idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh i ndiasa arda (suas le 40cm), ar ithir neodrach nó chailcreach. D’fhéadfadh dathanna éagsúla bheith ar na bláthanna, idir corcra, bándearg agus bán, agus bíonn siad scaipthe ina ndiasa dlútha nó ina ndiasa sách scaoilte. Tagann na duilleoga íochtair amach ar dtús i mí Eanáir ina róiséid de cheithre nó ocht gcinn de dhuilleoga dronuilleogacha atá maol ar an mbarr agus d’fhéadfadh siad bheith pléineáilte, breac nó smálaithe go mór. Tagann gas an bhlátha chun cinn san earrach agus bíonn truaillí duilleoige beaga lena thaobh. Gné shuntasach eile a bhaineann leis is ea boladh d’fhual chait fhireann! Fásann an Magairlín Meidhreach go maith i gcoillearnach leathanduilleach, ar imill bhóithre agus ar phábháil aolchloiche.
Is planda dúchasach an planda ilbhliantúil seo agus baineann sé leis an bhfine Orchidaceae.
Foinsí: Wildflowers Ireland
Cé nach dócha go mbainfeadh an bláth fiáin seo aon duais as ucht a áilleachta, is cinnte go bhféadfaí a rá go bhfuil sé ina ábhair iontais. Magairlín féinphailnitheach atá ann ina bhfuil dias (2–6 cm ar fhad) atá plódaithe le deich go tríocha cinn de bhláthanna éadroma ar dhath an uachtair – agus a mbíonn dath scoth-bhándearg orthu uaireanta. Bíonn an chuma orthu seo ar fad go bhfuil siad dúnta agus gan ach an liopa íochtarach gabhlógach ag gobadh amach as an gcochall atá cruthaithe ag na seipil agus na peitil uachtaracha. Tagann an gas díreach, a bhíonn suas le 20cm ar airde, amach as dhá nó trí bhunduilleog lansacha a bhíonn breac uaireanta. Bíonn na duilleoga níos lú fáiscthe ar an ngas. Tagann an planda seo i mbláth idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh, agus tá sé teoranta don chuid thiar den tír, áit a fhásann sé ar phábhálacha aolchloiche, dumhcha agus féarach gearr cailcreach.
Planda dúchasach atá ann a bhaineann leis an bhfine Orchidaceae.
Foinsí: Wildflowers Ireland
Tá Magairlín na gCuileanna ar cheann de ghrúpa beag Magairlíní a dhéanann aithris ar fheithidí chun cuairteoirí a mhealladh. ‘Pailniú trí bhréag-chúpláil’ is ea an téarma eolaíochta don chur i gcéill seo ina gcuireann an planda boladh amach atá ar nós feithide agus a bhfuil cuma feithide air. Tríd an aithris seo, mealltar feithid chuig an magairlín agus le linn dó iarracht a dhéanamh cúpláil leis an mbláth, bailítear pailin ar a chorp lena aistriú go dtí an chéad mhagairlín eile. Tá cuma sách suntasach ar Mhagairlín na gCuileanna mar gheall ar a sheipil bhuíghlasa agus liopa fada scoilte deargdhonn íochtarach an bhlátha. Iompraítear na bláthanna seo ar dhias scaoilte de cheithre nó deich mbláth le brachtanna fada a lúbann aníos laistiar de gach aon mhagairlín. Tagann Magairlín na gCuileanna i mbláth idir mí Bealtaine agus mí an Mheithimh agus fásann sé ar phábháil aolchloiche, scrobarnach agus ithreacha cailcreacha tirime.
Is planda dúchasach é agus baineann sé leis an bhfine Orchidaceae.
Foinsí: Wildflowers Ireland
I mí an Mheithimh agus mí Iúil, is gleoite an rud é teacht air seo ar ithir thirim ghainmheach, dumhcha agus féaraigh aolchloiche. Níl aon fhadhb i gceist le Magairlín na mBeach a aithint ó na magairlíní eile ar fad – tá pátrún ar an liopa íochtarach álainn ór agus donn atá cosúil le cúl bumbóige atá ar cuairt. Tá sé seo ann chun feithid den chineál céanna a mhealladh agus dá réir sin, cuidiú leis an bplanda a phailniú. Fásann an magairlín ilbhliantúil seo thart ar 30-40cm ar airde le gas díreach atá ceangailte le dhá dhuilleog dhronuilleogacha lansacha. Tá an róiséad bunaidh comhdhéanta de roinnt duilleoga eile. Iompraítear na bláthanna so-aitheanta i ndiasa agus tá trí sheipeal bhándearga leata orthu, dhá pheiteal ghearra uachtaracha agus peiteal mór íochtarach amháin a bhfuil dath donn dorcha agus baill óir air.
Is planda dúchasach é seo agus baineann sé leis an bhfine Orchidaceae.
Foinsí: Wildflowers Ireland
Is planda státúil agus maorga é seo a bhaineann le féarach neamhbhearnaithe, talamh portaigh agus, de ghnáth, móintigh chailcreacha. Fásann Magairlín Mór an Fhéileacáin níos airde ná a dheirfiúr beag, Magairlín Beag an Fhéileacáin. Baineann sé airde 50 cm amach agus beireann sé bláthanna áille bánbhuí i ndias atá scaoilte agus ábhairín pirimidiúil. Tá gach aon bhláth, a bhfuil boladh fanaile air, comhdhéanta de dhá liopa leata cliathánach a bhfuil imir bánghlas air gar don bharr, agus don spor. Is feadán é an spor atá lán le neachtar chun leamhain phailnithe a mhealladh. Tá na gais phailine laistigh d’oscailt an bhlátha seo leagtha amach ar nós V aisiompaithe ach tá na cinn atá i Magairlín Beag an Fhéileacáin comhthreomhar lena chéile.
Is planda ilbhliantúil é seo a thagann i mbláth ó mhí Bealtaine go mí Iúil. Is bláth fiáin dúchasach é seo agus baineann sé leis an bhfine Orchidaceae.
Foinsí: Wildflowers Ireland
Is ball maorga den fhine Orchidaceae é seo agus is planda é a bhfuil gas caol air a iompraíonn duilleoga dúghlasa a bhfuil cruth strapa orthu, agus tá na cinn is mó le fáil thíos in íochtar. Ar an ngas caol atá idir 25-60 cm ar airde, iompraítear bláthanna geala bána áille atá 12mm ar fhad, agus a bhfuil cruth cloigín orthu, agus tá bracht beag ar gach aon cheann díobh. Le linn mhí an Mheithimh agus mhí Iúil, osclaíonn diasa stáidiúla de idir 3-20 bláth, agus tá ball oráiste i ngach aon cheann ag bun an liopa.
Meastar an planda dúchasach seo a bheith neamhchoitianta anseo agus cosnaítear é faoin Ordú Cosanta Flóra 2015 i bPoblacht na hÉireann. Rangaítear é mar phlanda leochaileach sa Ríocht Aontaithe.
Foinsí: Wildflowers Ireland
Trí na plandaí a fhágáil san áit a bhfeiceann tú iad, cosnaíonn tú an t-éiceachóras, agus fágann tú é ag daoine eile le sult a bhaint as. Le cúnamh Dé, má bhaintear taitneamh as na plandaí ina ngnáthóg nádúrtha, beidh fáil ag na glúnta atá le teacht orthu freisin.
Taifeadadh nócha is a cúig speiceas d’éin i bPáirc Náisiúnta Bhoirne, ar bhain ar a laghad 50 speiceas acu sin leas as an bpáirc le haghaidh síolrú. I measc na n-éan is suntasaí sa pháirc, tá fiaigh dhubha, fabhcúin ghorma, pocairí gaoithe agus cromáin na gcearc.
Chomh maith leis sin, tá go leor éin bheaga inti freisin ar nós glasáin, meantáin agus ceolairí. Le linn an gheimhridh, nuair atá na lochanna agus na turlaigh lán, bíonn pobal maith d’éin fhiáine ann ar nós an crotaigh, pilibíní agus feadóga buí. Tá ealaí glóracha agus ealaí balbha coitianta freisin, ach ní bhíonn na healaí glóracha ann ach le linn mhíonna an gheimhridh.
Tá réimse leathan mamach le fáil i bPáirc Náisiúnta Bhoirne. Tá an chuid is mó de na mamaigh atá le fáil sa pháirc ina mamaigh oíche, ach is féidir giorriacha, sionnaigh, ghabhar fia agus dallóga fraoigh a fheiceáil i gcaitheamh an lae. Chomh maith leis sin, is féidir easóga a fheiceáil ag coradh agus ag casadh isteach agus amach as ballaí cloiche agus iad sa tóir ar chreach. I measc na mamach eile atá le fáil sa pháirc, tá an luch fhéir, an francach donn, an vól bruaigh, an coinín, an t-iora rua, an broc, an madra uisce agus an minc. Is mar éalaithigh ó fheirmeacha fionnaidh a tugadh an minc isteach sa taobh tíre in Éirinn.
Tá an dá speiceas reiptíle atá le fáil in Éirinn le feiceáil i bPáirc Náisiúnta Bhoirne; an laghairt choiteann dhúchasach agus an t-earcán caoch a tugadh isteach. D’fhéadfadh tú an chéad cheann a fheiceáil ar laethanta gréine á dtéamh féin ar an aolchloch.
Bíonn an frog coiteann agus an t-earc luachra araon le fáil i mbogaigh na páirce.
Tá eascanna agus garmacháin i roinnt de na turlaigh, tá an phéirse le fáil i Loch Gealáin, an liús i Loch Buinne agus an bradán, an cúramán agus an liús i gcóras Lochanna Bhéal Íochtair.
Éan cónaithe atá forleathan ar fud na hÉireann, go háirithe i gceantair sléibhe. Tá an Fiach Dubh ar an éan ceoil is mó in Éirinn agus tá sé ábhairín níos mó ná an Clamhán. Tá dath dubh ar an gclúmh, an corp, na cosa agus an gob ar fad. Tá sciatháin fhada agus sách caol air agus é i mbun eitilte, agus tá eireaball suaithinseach air a bhfuil cruth dinge air. Bíonn sé ag faoileoireacht ó am go chéile agus déanann sé aeraclaíocht.
De ghnáth, is é an Fiach Dubh ceann de na chéad speicis sa bhliain a chuireann tús le síolrú (Feabhra/Márta). Bíonn an nead mór ar nós nead an iolair agus bíonn sé crochta ar aill nó i gcoróin crainn. Bhíodh sé teoranta do cheantair sléibhe go traidisiúnta, ach is minic a bhíonn tuairisc orthu ó cheantair ísealchríche agus fiú ceantair fho-uirbeacha sna laethanta seo.
Foinsí: Birdwatch Ireland
Éan creiche is ea an fabhcún gorm a neadaíonn go hard in aillte os cionn na gcomlochanna sa Pháirc Náisiúnta. Tá an fabhcún seo in ann colúir agus lachain a gabháil agus iad i mbun eitilte. Taifeadtar é ar an ainmhí beo is sciobtha ar domhan, agus baineann sé luasanna amach os cionn 200km san uair nuair a thumann sé síos ar a chreach. Is ar éigean nár díothaíodh an fabhcún gorm in Éirinn mar thoradh ar fheithidicídí ar mar gheall orthu sin a lagaíodh blaoscanna na n-uibheacha, ach ó cuireadh cosc ar an bhfeithidicíd a bhí freagrach as sin, tá biseach mór tagtha ar an bhfabhcún gorm ar fud na tíre.
Éan cúthail agus neamhchoitianta is ea an meirliún a neadaíonn i dtalamh foraoise in aice le móinteach agus portach oscailte, áit a mbíonn sé ag fiach le haghaidh éin bheaga agus feithidí chun a óga a chothú. Tá siad beag (níl an fireannach ach ábhairín níos mó ná lon dubh) agus eitlíonn siad sách íseal agus dá bharr sin, bíonn sé deacair iad a fheiceáil. Is fiú súil a choinneáil amach dóibh má bhíonn tú gar do thalamh foraoise le linn shéasúr an ghoir (Aibreán – Meitheamh). Comhartha a d’fhéadfadh tú a chuardach is ea ‘cuaillí maraithe’ arb é sin an áit a gcluimhríonn an meirliún na cleití as a chreach (éin bheaga) sula dtugtar é ar ais chuig an nead. Coinnigh súil amach do thulóga nó bolláin in aice le talamh foraoise a d’fhéadfadh af bheith á n-úsáid lena aghaidh sin.
Speiceas d’fhabhcún atá ann. Is éan creiche beag é a bhfuil sciatháin agus eireaball fada air atá sách cúng freisin. Tá gob gearr crúcach air le haghaidh feoil a ithe. De ghnáth, bíonn sé ar foluain le heireaball spréite nuair a bhíonn sé ag fiach, ar lena linn sin a n-éiríonn leis a cheann a choinneáil socair in ainneoin bhualadh mear a sciathán. Tá cluimhreach éagsúil ar an gceann fireann agus baineann ach is féidir an dá inscne a aithint i ngeall ar an droim agus na sciatháin uachtaracha inmheánacha atá donn agus atá i gcodarsnacht leis na sciatháin dhorcha uachtaracha taobh amuigh. D’fhéadfaí a cheapadh gur Spioróg atá ann ach tá an Pocaire Gaoithe níos cúinge, tá sciatháin níos dírí air agus ní bhíonn sé ag faoileitilt an oiread céanna.
Éan goir atá forleathan ar fud na tíre is ea é. Neadaíonn sé i gcrainn, ar fhoirgnimh nó i scoilteanna in aillte. D’fhéadfadh sé sean-neadacha préacháin a úsáid. Tá sé le fáil i réimse leathan gnáthóga oscailte, lena n-áirítear cóstaí, móinteach, talamh feirme, bogaigh, imill bhóithre agus páirceanna baile.
Foinsí: Birdwatch Ireland
Bhí daingean ag an gCat Crainn i mBoirinn i gcónaí, ach tá sé ag teacht aniar ar fud na hÉireann le blianta beaga anuas. Is féidir iad a fheiceáil le linn an lae uaireanta ach is ainmhithe cúthaile iad agus is annamh a fheictear iad.
Tá an Cat Crainn fós sách neamhchoitianta in Éirinn, ach tá an pobal ag téarnamh agus ag scaipeadh; go traidisiúnta, is san iarthar agus sa deisceart atá a chuid daingean, ach tá méadú suntasach tagtha ar an bpobal i lár na tíre le blianta beaga anuas. Deirtear gurb é teacht aniar an Chait Chrainn is cúis le pobal na n-ioraí glasa ionracha a laghdú in Éirinn. Trí sin, tugtar deis freisin don phobal ioraí rua teacht aniar.
Foinsí: Vicipéid
I measc na seacht speiceas d’ialtóg a chónaíonn sa pháirc, tá an crú-ialtóg bheag, ar speiceas é atá i mbaol i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Tá dáileadh na hialtóige seo teoranta do chontaetha an iarthair, is iad sin Maigh Eo, Gaillimh, an Clár, Luimneach, Ciarraí agus iarthar Chorcaí. Is i bpluaiseanna beaga sa pháirc a fhaigheann an speiceas i mbaol seo láithreacha geimhrithe.
Cé nach bhfuil sé go hiomlán fíor gur ainmhí fiáin atá sa ghabhar fia, baineann sé le Boirinn agus téann an tréad ag fánaíocht gan srian tríd an bpáirc. Ar laethanta gréine, is féidir iad a fheiceáil ar fhánaí chnoic Bhoirne, ach le linn drochaimsire, téann siad ar foscadh sna coillearnacha agus sa scrobarnach choill.
Is é an laghairt choiteann an t-aon reiptíl dúchasach in Éirinn. Tá sí beobhreitheach, arb é is brí leis sin nach amháin go mbeireann sí uibheacha, ach go mbeireann sí óga beo freisin. Go iondúil, saolaíonn na cinn baineanna idir 2-12 cheann óga agus is minic is féidir iad a fheiceáil á ngrianadh féin ar bhallaí cloiche, clocha nó lomáin le linn mhíonna an tsamhraidh. Cuireann siad fúthu i réimse gnáthóga, lena n-áirítear coillearnach, riasca, fraochmhá, móinteáin agus portaigh.
D’fhéadfadh creachadóirí móra an laghairt a ithe, creachadóirí ar nós éin chreiche (is cuid d’aiste bia an phocaire ghaoithe iad de ghnáth), agus maróidh easóga agus minceanna iad má éiríonn leo breith orthu. Má fhaightear greim ar an eireaball, tá sé de chumas ag na laghairt an chuid íochtair a chur díobh, (a fhásann ar ais go gairid ina dhiaidh sin) ar cleas é a thugann deis dóibh éalú.
Foinsí: ENFO Wildlife (PDF)
Tá colainn chruinn shínte ag an earcán caoch atá thart ar 50cm ar fhad, tá ceann biorach air agus níl aon chosa air. Tá sé cosúil le nathair beag, ach le bheith cruinn faoi, is speiceas de laghairt éagosach atá ann. Tá barr an chraicinn comhdhéanta de ghainní a bhfuil cruth cruinn nó heicseagánach orthu a fhorluíonn ar a chéile ar nós tíleanna dín agus tá an cruth mórán mar a chéile ar dhromchlaí droma agus tarracha an choirp.
Foinsí: Irish Wildlife Trust Facebook, Vicipéid
Tá Páirc Náisiúnta Bhoirne lán le speicis d’fhéileacáin; déanta na fírinne, meastar an limistéar thart ar an Mullach Mór bheith ar an láthair is saibhre in Éirinn le haghaidh féileacáin. Taifeadadh fiche is a seacht gcinn den 33 féileacáin cónaithe agus féileacáin imirceacha rialta anseo. Meastar cúig cinn bheith i mbaol nó leochaileach agus meastar ceithre chinn eile bheith beagnach faoi bhagairt.
Thecla betulae
Zygaena purpuralis
Boloria euphrosyne
Go príomha, is chun críche dúlra a chaomhnú a bhainistítear Páirc Náisiúnta Bhoirne. I measc páirceanna náisiúnta na hÉireann, is páirc ar leith í toisc gur tírdhreach bainistithe atá inti, agus go mbraitheann an flóra agus fána uathúil ar fheirmeoireacht agus ar chothabháil leanúnach.
Cuimsíonn an pháirc meascán de ghnáthóga tábhachtacha, agus is é an aidhm atá leis an gcaomhnú na gnáthóga seo a choinneáil agus cur leo. D’fhonn é sin a bhaint amach, baintear leas as réimse éagsúil teicnící bainistithe: ó innilt go idirghabháil mheicniúil. I roinnt cásanna, is é an réiteach nach ndéanfaí idirghabháil ar bith. Mar shampla, is gnáthóga scoilte carraigeacha iad screathain agus aillte, agus ní dhéantar aon rud leo.
Tá an chuid is mó den pháirc clúdaithe le meascáin de phábháil aolchloiche, féarach cailcreach agus coillearnach fuinseoige/choill, agus bíonn cluainte neodracha i gcorráit mar aon le turlaigh, fuaráin, eanaigh agus lochanna.
Ta líon conairí siúil leagtha amach laistigh den Pháirc Náisiúnta. Tá na conairí ann chun cuairteoirí a threorú tríd an bpáirc, braistint den tírdhreach ar leith a chur ar fáil agus líon na gcuairteoirí sna gnáthóga níos íogaire a dhíspreagadh. Déanaimid bainistiú ar na conairí seo, dá bharr sin tá siad inbhuanaithe agus is a laghad agus is féidir an tionchair atá acu ar an gcomhshaol, go fisiceach agus go físiúil araon.
Déantar bainistiú ar an bpábháil aolchloiche, an féarach cailcreach agus na coillearnacha ar fad trí innilt a dhéanann eallaí agus a dhéanann capaill i limistéir áirithe. Déantar bainistiú ar an innilt trí chomhaontaithe le feirmeoirí áitiúla nó trí cheadúnais. Sa chuid is mó de na comhaontuithe seo, sainítear innilt le linn mhíonna an gheimhridh, ionas go mbeadh an féar gearr san earrach, agus ar trí sin a thugtar deis do réimse éagsúil speiceas teacht i mbláth. Is mar ‘buailteachas geimhridh’, nó buailteachas aisiompaithe a dtagraítear don chleachtas seo ina gcuirtear na heallaí ar na cnoic le linn an gheimhridh.
Déantar innilt ar roinnt de na limistéir ísle agus na turlaigh le linn an tsamhraidh ós rud é go mbíonn an iomarca uisce iontu sa gheimhreadh. Déantar innilt ar na móinéir le linn an gheimhridh agus i roinnt cásanna, baintear sciar féir déanach den mhóinéar i ndeireadh an tsamhraidh. Trí sin, tugtar deis do na speicis sa mhóinéar teacht i mbláth agus síolú sula mbaintear iad. Mar thoradh ar an innilt a dhéantar le linn an gheimhridh, cuirtear cothaithigh ar ais sa talamh trí aoileach, ach uaireanta bíonn sé riachtanach roinnt beag cothaithigh a chur ar an talamh chun bail a choinneáil ar an móinéar.
Baintear úsáid as idirghabháil mheicniúil freisin, i riocht ciumhaisairí, sábha slabhra agus gearrthóirí scrobarnaí. Úsáidtear iad seo chun smacht a choinneáil ar an gcoll agus an scrobarnach a bhriseann isteach ar fhéaraigh atá lán le speicis éagsúla.
Bhí tionchar an-mhór ag an bpobal feirmeoireachta ar an réigiún: mar thoradh ar a dteicnící bainistíochta talún, d’éirigh le feirmeoirí gnáthóga agus flóra neamhghnácha a chaomhnú agus a fheabhsú sa réigiún.
Clúdaíonn Boirinn 1% de dhromchla talún na hÉireann agus tá méid thart ar 350 km² inti. Tá an chuid is mó de Bhoirinn ainmnithe ina Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta chun an ghnáthóg fíor-neamhghnách atá inti a chosaint.