Siúl & Fánaíocht
Tá cead agat dul ag fánaíocht agus ag siúl sa pháirc. Molaimid duit bróga nó buataisí láidre a chaitheamh. Tá roinnt conairí a bhfuil comharthaí bealaigh iontu i bPáirc Náisiúnta Bhoirne agus Anaclann Dúlra Shliabh Cairn, mar aon le Bóthar Glas. Tá éagsúlacht idir fad na gconairí, agus iad idir siúlóid lúibe 30 nóiméad agus siúlóid thar chnoic aolchloiche a ghlacann trí uair an chloig. Leagtar amach mionsonraí maidir le gach aon siúlóid thíos agus tá ‘Léarscáil de Chonairí Siúil’ ar fáil lena.
Turlach an Chnocáin Rua
Lúb an Mhullaigh Mhóir
Conair Dhúlra
Sliabh Cairn
Catagóirí na gConairí
- Measartha
- An-deacair
Tá sé míchothrom faoi chois agus tá roinnt constaicí i gceist ar nós fréamhacha, clocha etc. a ghobann amach. Tá na bealaí oiriúnach do dhaoine a bhfuil leibhéal measartha aclaíochta acu agus a bhfuil roinnt taithí acu ar shiúlóidí. Moltar coisbheart agus éadaí faoi leith a chaitheamh chun dul ag siúl lasmuigh.
Tá na bealaí seo i limistéir sléibhe iargúlta den chuid is mó. Go hiondúil, tá fánaí rite i gceist leo a d’fhéadfadh bheith an-éagsúil agus garbh faoi chois. Tá na bealaí oiriúnach do chnocadóirí inniúla a bhfuil leibhéal maith aclaíochta acu. Tá coisbheart agus éadaí faoi leith chun dul ag siúl lasmuigh ag teastáil.
Comhairle do Shiúlóirí
Tá cuaillí eolais ar a bhfuil marcóirí dathchódaithe leagtha amach ar gach aon chonair. Bí cinnte a bheith cúramach, toisc go dtrasnaíonn na conairí tírdhreach aolchloiche a d’fhéadfadh a bheith garbh, míchothrom agus rite in áiteanna. Chun comhairle a fháil ar chosáin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Pointe Eolais Pháirc Náisiúnta Bhoirne ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair nó trí ríomhphost ag am ar bith.
Treoracha chuig Tús Shiúlóid Bhoirne
Tá Páirc Náisiúnta Bhoirne suite ar an taobh thoir theas de Bhoirinn, i dtuaisceart Chontae an Chláir.
Chun an pháirc a bhaint amach, ó Chora Finne, tóg an R476 chuig Cill Iníne Baoith. Nuair atá tú i gCill Iníne Baoith, tóg an casadh ar dheis (L1112) roimh fhothracha an tséipéil. Bainfidh tú crosbhóthar amach thart ar 5 chiliméadar ar feadh an bhóthair seo. Cé go bhfuil leataobh beag ann díreach roimh an gcrosbhóthar seo ar thaobh na láimhe deise a bhfuil toilleadh ann do roinnt caranna, molaimid do chuairteoirí leas a bhaint as an tseirbhís páirceáil agus taistil atá saor in aisce ó Chora Finne le linn mhíonna an tsamhraidh. De shiúl na gcos ón áit sin, cas ar dheis ar Bhóthar na Creige agus tá tailte Pháirc Náisiúnta Bhoirne ar thaobh do láimhe clé. Bí cúramach ar thrácht toisc gur bóthar poiblí é seo.
Treoracha chuig Chonairí Shliabh Cairn
Chun teacht chomh fada le Carraig an Iolair/Sliabh Cairn/Anaclann Dúlra Chaolchoille ó Chora Finne, tóg an R476 i dtreo Chill Iníne Baoith. Tiomáin trí Chill Iníne Baoith chomh fada le Caisleán Léim an Eich agus cas ar dheis ar an R480. Cas ar dheis arís ar an L1014 (tá An Carn curtha in airde ar chomhartha bóthair). Tiomáin 5.3km chuig An Carn agus cas ar dheis nuair a fheiceann tú an séipéal ar thoabh do láimhe clé. Tá Sliabh Cairn suite 8.7km ón áit seo. Tóg an chéad chasadh ar chlé agus coinnigh ag tiomáint go dtí go bhfeiceann tú limistéar páirceála ar chlé. Is é seo Sliabh Cairn. Is féidir leat páirceáil anseo chun teacht ar an mBealach Donn agus Buí.
Mar mhalairt air sin, is féidir leat an R460 a thógáil lasmuigh den Phointe Faisnéise. I ndiaidh 1.3km, cas ar chlé agus fan ar an R460, a bhfuil comhartha bóthair ann don Ghort. Tiomáin ar feadh 12.1km. I ndiaidh duit dul thar Loch Buinne ar thaobh na láimhe clé, cas ar chlé ag crosbhóthar ar an L1010, a bhfuil comhartha bóthair ann do Bhaile Uí Bheacháin. Ón gcrosbhóthar, tiomáin go díreach ar feadh 9.7km. Cas ar chlé ag crosbhóthar a bhfuil comhartha ann do Tea Rooms and Burren Perfumery. Tiomáin ar feadh 2.5km. Nuair atá gabhal sa bhóthar, cas ar dheis agus tiomáin 600m síos an bóthar seo. Feicfidh tú limistéar páirceála ar thaobh na láimhe deise. Is é seo Sliabh Cairn. Is féidir leat páirceáil anseo chun teacht ar an mBealach Donn agus Buí.
Siúlóidí Treoraithe
Le linn an tséasúir, cuirimid siúlóidí treoraithe ar fáil saor in aisce ar feadh na gconairí sa Pháirc Náisiúnta ina bpléitear ábhair ar nós flóra, fána agus geolaíocht Bhoirne. Chomh maith leis sin, is féidir siúlóidí treoraithe a eagrú do ghrúpaí ar suim leo a leithéid (ceathrar nó níos mó). Cuirimid ár siúlóidí ar fad ar fáil saor in aisce ach ní mór iad a chur in áirithe mar tá teorainn le háiteanna. Téigh i dteagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil.
Ní mór d’aon duine nach bhfuil ina bhall foirne den tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus ar mhian leo turas treoraithe a chur ar fáil i bPáirc Náisiúnta Bhoirne iarratas a dhéanamh chun cead a fháil ón Maor Páirce.
Sceartáin & Feithidí Prioctha
Tríd is tríd, is áit an-sábháilte í Éire i dtaca le fiadhúlra. Níl aon chreachadóirí móra ann a thuilleadh ar nós mathúna, mic tíre, nó cait mhóra, ach tá Éire ina baile ag neacha níos lú a d’fhéadfadh bheith achrannach. I bPáirc Náisiúnta Bhoirne, d’fhéadfadh cuairteoirí teacht ar scaotha míoltóga (cuileoga prioctha beaga) ar laethanta atá te agus tais, agus d’fhéadfadh siúlóirí a imíonn ó na conairí bheith pioctha ag sceartáin. Ba chóir do gach siúlóir bheith ar an eolas go bhféadfadh sceartáin galar Lyme a iompar i gcásanna annamha. Foghlaim tuilleadh faoi sceartáin agus feithidí prioctha inár dtreoir thíos.
Ceadanna Dróin
D’fhonn aon drochthionchar ar fhiadhúlra agus eispéireas cuairteoirí a laghdú, ní cheadaíonn na Páirceanna Náisiúnta úsáid a bhaint as dróin ar a réadmhaoin ach amháin sa chás gur tugadh cead ar leith a leithéid a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na rialacháin agus treoracha náisiúnta a bhaineann le dróin a úsáid (Eitleáin Bheaga gan Fhoireann), bain leas as na hacmhainní ar líne a leanas:
D’fhoilsigh Gníomhaireacht Sábháilteacht Eitlíochta an Aontais Eorpaigh Ceisteanna Coitianta (CCanna) i ndáil leis na rialacháin seo ina ndírítear ar an gcatagóir Oscailte agus Sainiúil oibríochtaí. Tá na CCanna seo leagtha amach chun tacú le pobal na ndrón maidir le dróin a eitilt agus a fheidhmiú go sábháilte ar fud an AE. Ba chóir do gach úinéir dróin Ceisteanna & Freagraí Údarás Eitlíochta na hÉireann a léamh.
Is féidir CCTV, ceamaraí deaise, ceamaraí gnímh, dróin atá feistithe le ceamaraí, agus teicneolaíochtaí eile a áireamh le trealamh fístaifeadta. I gcásanna ina n-úsáidtear na cineálacha trealaimh seo, ba chóir d’úsáideoirí (mar aon leis na daoine atá á dtaifeadadh) bheith eolach go bhféadfaí cearta agus dualgais éagsúla a chur i bhfeidhm faoin dlí maidir le cosaint sonraí i leith an taifeadta sin. Is féidir treoir a fháil thíos maidir leis na dualgais atá ar rialaitheoirí sonraí.
Madraí
Ceadaítear madraí i bPáirc Náisiúnta Bhoirne ach ní mór iad bheith ar iall. Mar sin féin, ní mór d’úinéirí madraí a bheith airdeallach i gcónaí ar an bhfreagracht atá orthu i leith cuairteoirí eile agus fiadhúlra. Trí na pointí seo a leanas a leanúint, cuideofar le madraí, a n-úinéirí, cuairteoirí eile agus fiadhúlra cuairt shábháilte agus thaitneamhach a thabhairt.
Tugtar mionsonraí thíos maidir lenár gCód Iompair d’Úinéirí Madraí.