Eolas faoin bPáirc
Síneann Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin trasna 23,000 heicteár ó dheas de Bhaile Átha Cliath. Tá Páirc Náisiúnta Chill Mhantáin ar an gceann is mó de Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann agus an t-aon cheann san oirthear. Tá tírdhreacha móra fairsinge ann, chomh maith le bóithre casta sléibhe agus sruthanna a shníonn go gasta síos go lochanna doimhne na ngleann coillteach, lena n-áirítear lonnaíocht mhainistreach Naomh Caoimhín i nGleann Dá Loch.
Faigh amach cén chaoi gur féidir leat cabhrú linn bithéagsúlacht agus tírdhreach na páirce a chaomhnú, nó pleanáil do chuairt chun dul ag fánaíocht sna sléibhte nó ar shiúlóid nó ar thiomáint scéimhe. Tá fíorbhlas d’fhiántas ársa na hÉireann ag fanacht leat sa pháirc.
Buail leis an bhFoireann
Déanann foireann bheag, ach tiomanta, bainistiú ar Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin agus tugann siad aire di. Tá baint ag an bhfoireann le ceithre phríomhréimse – maoir chaomhantais, an fhoireann oideachais, an fhoireann chothabhála, agus na bainisteoirí agus foireann na hoifige.
Is é atá i gceist le gnáthlá do mhaor caomhantais ná obair a dhéanamh ar cheann dár n-iliomad clár caomhantais: suirbhé a dhéanamh ar fhiadhúlra, idirchaidreamh a dhéanamh le gníomhaireachtaí eile, le feirmeoirí agus leis an bpobal i gcoitinne, forfheidhmiú an dlí, nó coinneáil leis an bpáipéarachas. Tugann gach lá dúshláin éagsúla, agus uaireanta cabhraíonn sé má tá tú go maith ag lámhacán trí spás in áiléar brocach sa tóir ar sciatháin leathair nó ar foluain ó aill ar théad!
Oibríonn foireann na hoifige an deasc tosaigh agus na fóin i gceanncheathrú na páirce agus tugann siad aire do pháipéarachas. Tugann bainisteoirí na páirce aire don pháirc ar fad agus don fhoireann a oibríonn anseo. Ach ní fhanann foireann na hoifige ina n-oifigí an lá ar fad, feicfidh tú freisin iad faoin bhfiántas, ag seiceáil ar chuntair na dturasóirí, nó ag tabhairt cúnamh le tionscadail chaomhantais.
Oibríonn ár dtreoraithe oideachais le grúpaí scoile ar cuairt. Tugann siad páistí óga ar ghníomhaíochtaí feasachta dúlra nó múineann siad obair allamuigh éiceolaíochta do dhéagóirí. Ina theannta sin, déanann siad bainistiú ar an Oifig Eolais, cuidíonn siad le cuairteoirí chuig an bpáirc agus eagraíonn siad imeachtaí don phobal.
Is dream ardoilte iad na hOibrithe Ginearálta atá san fhoireann chothabhála. Is iad na hOibrithe Ginearálta a thóg cuid mhaith den infreastruchtúr a fheiceann tú sa pháirc – na clárchosáin, comharthaí, geataí, binsí agus níos mó. Déanann siad an pháirc a chothabháil freisin trí fhéar a bhaint, cosáin a scuabadh agus na mílte málaí bruscair a bhailiú gach bliain. I gceantair iargúlta na páirce, déanann siad gach rud idir chrannliacht agus chothabháil draenacha.