Faigh amach cén chaoi gur féidir leatsa cabhrú linn bithéagsúlacht agus tírdhreach na páirce a chaomhnú, nó do chuairt a phleanáil chun tabhairt faoi na sléibhte ar shiúlóid nó ar thiomáint álainn. Tá fíorbhlas d’fhiántas ársa na hÉireann ag fanacht leat sa pháirc.
Tá speicis agus gnáthóga na hÉireann faoi chosaint faoi réimse reachtaíochta náisiúnta agus AE. Is é an tAcht um Fhiadhúlra, 1976, an phríomhreachtaíocht náisiúnta a dhéanann foráil do chosaint an fhiadhúlra agus do rialú roinnt gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don fhiadhúlra.
Níl an liosta Speiceas faoi Chosaint eisiach. D’fhéadfadh speicis neamhchoitianta agus chosanta eile a bheith sa pháirc.
Anseo i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, tá speicis éagsúla againn, idir fhraoch agus aiteann atá le feiceáil go coitianta ar thaobhanna na sléibhte agus speicis bogaigh amhail drúichtíní.
I gcoillte na Páirce Náisiúnta is mó a bhíonn an planda dúchasach seo le fáil, ach bíonn sé le feiceáil freisin ar chrainn a mbíonn caonach orthu agus ar bhallaí faoi scáth. Is dóchúla go bhfeicfidh cuairteoirí an bláth seo i séasúir an earraigh agus an tsamhraidh, agus é faoi bhláth ó Aibreán go Meitheamh.
Bíonn an fraochán le fáil go coitianta ar fhraochlach aigéadach agus ar shléibhte taise. Is féidir leat na bláthanna fiáine seo a fheiceáil go príomha san earrach agus sa samhradh, ó Aibreán go Iúil. San fhómhar, bíonn caora dubhchorcra ar an bplanda seo le bláth gorm.
Tugtar fraochóg agus an fraochán gorm ar an bhfraochán freisin. Faoinár dtreoir, Cosain an Dúlra, molann muid duit gan an planda seo a bhaint.
Foinsí: Wildflowers of Ireland
Is féidir an bláth seo a fháil de ghnáth i gcoillte na Páirce Náisiúnta, chomh maith le cois abhann. Tá sé ar cheann de na chéad bhláthanna a dtagann bláth air sa séasúr níos fuaire. Is féidir an bláth seo a fheiceáil ó mhí Feabhra go Bealtaine. Ceann de bhláthanna fiáine dúchasacha na hÉireann, is foinse thábhachtach neachtair é do phailneoirí coillearnacha ag tús an earraigh.
Tá teacht ar an bplanda seo i measc bogaigh na Páirce Náisiúnta. Bíonn sé le fáil in uisce tanaí, ciúin, a bhogann go mall. Bíonn na duilleoga agus na bláthanna ar snámh ar an dromchla.
An tom dúchasach is suntasaí in Éirinn. I rith na bliana, ní fhéadfá gan na bláthanna saibhre buí a fheiceáil ar fud thírdhreach na hÉireann. Tá an tom tar éis athrú agus dul in oiriúint d’aimsir an gheimhridh, go háirithe i measc sléibhte arda na hÉireann, ag cruthú carn de dhealga agus de spíonta dó féin. Bíonn na bláthanna ar an tom faoi bhláth go flúirseach ó mhí Feabhra go Bealtaine.
Tá an crann dúchasach seo cosúil leis an gcrann beithe álainn, ach tá dath bánbhuí donn air seachas bán agus bíonn na craobhacha níos ingearaí. Fásann sé go maith i dtimpeallachtaí taise agus bíonn sé le fáil go coitianta i bportaigh.
De réir mar a thagann duilleoga ar an gcrann, tagann caitíní fada glasdonna fireanna amach air. Tá na bláthanna baineanna ingearach ar an gcrann lena ais, agus scaoileann siad amach síolta beaga sciathánacha san fhómhar.
Tá roinnt speiceas dúchasach fraoigh in Éirinn. Is Fraoch Coiteann é an ceann seo. Bláthaíonn fraoch ó mhí Meithimh go mí Mheán Fómhair. Cé gur dath corcra/dearg den chuid is mó a bhíonn ar an bhfraoch a bhíonn le fáil sa Pháirc Náisiúnta, coinnigh súil amach don fhraoch bán, mar go ndeirtear go mbíonn an t-ádh ort a leithéid a fheiceáil.
Baineadh úsáid as fraoch ar chúiseanna éagsúla i gcaitheamh na mblianta, mar shampla, chun blas a chur ar bheoir.
Is speiceas flóra faoi chosaint é an Magairlín Bán a fhásann ar thalamh féaraigh faoin sliabh agus ar leaca. Bíonn an speiceas cosanta seo faoi bhláth ó Bhealtaine go Iúil. Is annamh a bhíonn sé le feiceáil, ach má thagann tú air, molann muid duit cromadh síos chun boladh a bhaint as mar gheall ar an gcumhracht éadrom fanaile a bhíonn air. Má tharlaíonn sé go bhfeiceann tú an bláth seo, ná déan dearmad ar ár gcód maidir leis an Dúlra a Chosaint agus bí cúramach leis agus le flóra ar bith eile atá ina thimpeall.
Foinsí: Wildflowers of Ireland
Bíonn an planda seo faoi bhláth ó Mheitheamh go Lúnasa. Bíonn an planda seo le fáil go coitianta ar thalamh portaigh agus ar mhóintigh fhliucha ar fud na Páirce Náisiúnta. Mar gheall ar an gcineál seo gnáthóige, níl mórán cothaithigh ann chun tacú leis an bplanda seo agus tá cleachtadh faighte aige ar mhodhanna eile. Ar na duilleoga is féidir leat ribí beaga a fheiceáil agus braon beag ‘drúchta’. Is é seo a fhaigheann greim ar na feithidí, a úsáideann an drúichtín ansin mar bhia.
San am atá caite, úsáideadh drúichtíní mar leigheas casachta agus úsáidtear é anois i go leor meascán casachta a úsáideann muid sa lá atá inniu ann.
Tacaíonn Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin le roinnt cineálacha tábhachtacha gnáthóg, ó bhratphortach agus coillte darach go comlochanna agus seanoibríochtaí mianach luaidhe. Is móintigh thirime agus fhliucha, bratphortach agus talamh féaraigh sléibhe na gnáthóga is coitianta ar fud an chuid is mó den Pháirc Náisiúnta. Tá an ithir aigéadach, móinteach. I measc na ngnáthphlandaí tá fraoch, fraochán agus féara sna ceantair níos tirime, le sfagnam agus drúichtíní feithiditeacha i gceantair bhogaigh na Páirce Náisiúnta.
Tá ceantair bheaga de choillte darach ar fhánaí Ghleann Dá Loch agus Ghleann Molúra, in aice le Loch Té agus Loch Deán, le dair dhúchasach ghaelach (quercus petraea), agus tá go leor acu 100-120 bliain d’aois.
In áiteanna níos fliche, bíonn coillte fliucha, leathanduilleach, leathnádúrtha ina mbíonn an bheith chlúmhach (betula pubescens) den chuid is mó. Tá coillte measctha ann freisin, le speicis de chrainn neamhdhúchasacha.
Tá lochanna sléibhe agus comlochanna scaipthe ar fud an tsuímh, agus is minic a bhíonn siad le taobh aillte scileacha. Is gnách go mbíonn na lochanna domhain agus gann ar chothaithigh, ach bíonn roinnt plandaí suimiúla iontu, lena n-áirítear lus an chleite (Isoetes lacustris) agus rísheisc chaol (sparganium angustifolium). Tá srutháin chreagacha sléibhe coitianta ar fud na gcnoc.
Tosaíonn roinnt aibhneacha a dturas anseo, lena n-áirítear an Life, an Deargail agus an Dothra, rud a fhágann go bhfuil an portach seo ríthábhachtach do sholáthar uisce Bhaile Átha Cliath. Ar an gcéad amharc cheapfá nach bhfuil rud ar bith le feiceáil i bPortach Bharr na Life agus nach bhfuil aon rud beo ann. Ach má bhreathnaíonn tú i gceart, feicfidh tú maitrís de thulóga tirime agus de bhorrfháis fhliucha, gach ceann acu lena fhlóra agus lena fhána féin. Tá plandaí beaga cosúil le drúichtíní feithiditeacha coitianta.
Tá cónaí ar mhórán speiceas éin i Sléibhte Chill Mhantáin, cé gur féidir leis a bheith deacair iad a fheiceáil i stráice fairsing phortach an tsléibhe nó i nduilliúr dlúth na coillearnaí. I measc na speiceas atá faoi spéis ar leith, tá an meirliún, an tsíolta mhór, an caislín aitinn agus an chearc fhraoigh.
Éan suntasach amháin atá le feiceáil ná an fabhcún gorm, atá ina shiombail den Pháirc Náisiúnta.
I measc na n-éan eile ar cheart faire amach dóibh tá an mórchnagaire breac, cuairteoirí samhraidh neamhchoitianta amhail an ceolaire caille agus an t-earrdheargán, mar aon leis an naoscach, an circín starraiceach agus an caislín cloch.
Tá mamaigh eile sa pháirc amhail coiníní, giorriacha, madraí rua, gabhair, broic, cait chrainn, easóga, agus dobharchúnna. Tá naoi speiceas ialtóga ar a laghad ina gcónaí sa pháirc freisin, a fheictear i rith na hoíche.
Is é an fia an mamach is mó sa Pháirc. Tá daonra mór hibridí an fhia Seapánaigh-Rua ina gcónaí sna cnoic. Tugadh an fia Seapánach isteach ón Áis, agus tá siad tar éis hibridiú a dhéanamh gan srian leis na fianna Rua dúchasacha.
De bharr shuíomh agus aeráid na hÉireann, tá líon teoranta de speicis reiptíle agus amfaibiacha sa tír. Níl ach aon speiceas froig amháin (an Frog Coiteann), aon speiceas niúit amháin (an t-Earc Coiteann) agus aon speiceas reiptíle amháin (an t-Earc Luachra) ina gcónaí sa Pháirc Náisiúnta.
Is é an fabhcún gorm siombail Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Neadaíonn sé ar aillte ar fud na páirce. Déanann foireann na páirce monatóireacht ar líon na bhfabhcún gach bliain. Is minic a fheictear an fabhcún gorm ag eitilt go hard os cionn na Páirce Náisiúnta – bíodh cluas le héisteacht ort agus breathnaigh suas má chloiseann tú a scréach ard.
Is é seo an t-éan creiche is lú in Éirinn. Bíonn cónaí ar an meirliún sna tailte arda agus bíonn sé ag fiach ar mhóinteán oscailte agus ar phortach. Neadaíonn sé i gcrainn ag imeall fáschoille de ghnáth. Tá sé ar liosta ómra na hÉireann. Le déshúiligh, is fiú breathnú ar aon chuaille nó ar aon bhollán a sheasann suas os cionn talamh réidh an mhóinteáin; is maith leis an meirliún suí ar na spotaí arda sin.
Tá an lacha mhór seo, a itheann iasc, an-neamhchoitianta in Éirinn, le daonraí cónaitheacha i gcontaetha Chill Mhantáin agus Dhún na nGall amháin. Is speiceas é a dhéanann nead i gcrann agus a phóireann i líon íseal i nGleann Dá Loch agus i gcóras abhann Abhainn Mhór. Tá méadú tagtha ar phórú na n-éan seo tar éis do mhaoir na páirce tús le scéim bosca neide.
Ó am go chéile, luath ar maidin, feicfidh cuairteoirí ar Ghleann Dá Loch teaghlach de shíolta móra ar an Loch Uachtair nó ar an Loch Íochtair, ach tá siad faiteach agus eitlíonn siad leo má thagann duine ar bith in aice leo. Aithneoidh tú na héin fhireanna mar gheall ar an gcloigeann glas atá orthu. Tá cloigeann donn ar na héin bhaineanna agus ar na héin óga agus tugtar ‘cloigne rua’ orthu.
Is cuairteoir samhraidh Éirinn é an caislín aitinn. Síolraíonn sé sna ceantair sléibhe, ach tá a líon ag laghdú. Cosúil lena chol ceathrair, an caislín cloch, is mór an spórt an caislín aitinn. Laistigh den Pháirc Náisiúnta, is áit mhaith í Plandáil an Chorónaithe chun an speiceas neamhchoitianta seo a chuardach.
Is sa mhóinteach fraoigh a gheobhaidh tú an chearc fhraoigh. Teastaíonn fraoch ag aoiseanna éagsúla uaithi le haghaidh bia, dídine agus mar chlúdach dá nead. Is minic a thagann siúlóirí cnoc sa Pháirc Náisiúnta ar chearca fraoigh. San earrach agus i dtús an tsamhraidh is minic a chloistear glaoch suntasach ‘go back, go back’ na n-éan fireann.
Tá an chearc fhraoigh ar an liosta dearg, rud a chiallaíonn gur ábhar mór imní é caomhnú na n-éan seo. Má thagann tú ar chearc fhraoigh sna cnoic, go háirithe le linn séasúr an ghoir, déan iarracht gan cur isteach orthu. Coinnigh madraí ar éill i gcónaí, agus fan amach má bhíonn an chuma ar na héin go bhfuil siad trína chéile.
Is ainmhí dúchasach in Éirinn é an cat crainn agus tá sé ar cheann de na mamaigh is neamhchoitianta dá bhfuil againn.
Bhí sé coitianta tráth ar fud na tíre, ach faoin 20ú haois bhí an speiceas seo imithe i léig sa chuid is mó den oileán, agus níor mhair ach cúpla grúpa iargúlta agus scaipthe acu, go príomha san iarthar. Tharla an meath seo mar gheall go mbítí ag fiach na gcat crainn mar gheall ar a gcuid fionnaidh, mar gheall gur imigh a ngnáthóga agus mar gheall ar nimhiú agus ar ghéarleanúint dhíreach agus indíreach araon.
De réir a chéile tá an cat crainn ag athchoilíniú na hÉireann agus ag filleadh ar cheantair nach bhfacthas é iontu le blianta fada.
Tá 35 speiceas féileacán in Éirinn. Is féidir go leor díobh seo a fheiceáil i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, rud a chiallaíonn gur áit den scoth í le haghaidh safari féileacán.
Is féidir leat tús a chur le do safari i nGleann Dá Loch. Is áiteanna iontacha iad na faichí agus imill na gcoillte gar don Loch Uachtair, an Gairdín Fiadhúlra agus Céadfach ar chúl Oifig Eolais na Páirce Náisiúnta, agus Sráidbhaile na Mianadóirí, chun breathnú orthu. Seo cuid de na speicis níos uathúla a d’fhéadfá a fheiceáil.
Is é an fritileán geal an féileacán is mó in Éirinn agus is mór an pléisiúr i gcónaí é a fheiceáil.
Tá sé scaipthe go forleathan ach go háitiúil in Éirinn. Is maith leis imill coillte agus scrobarnach. Bíonn sé ar an sciathán i mí Iúil agus Lúnasa, agus bíonn sé le feiceáil i nGleann Dá Loch. Breathnaigh sa ghairdín ar chúl na hOifige Eolais.
Tá an fritileán dúdhlas an-chosúil leis an bhfritileán geal agus is minic a mheasctar suas iad. Bíonn an ceann dúghlas ar an sciathán idir Meitheamh agus Meán Fómhair.
Is speiceas é atá ag dul i léig agus is ábhar imní é ó thaobh caomhnaithe de. Le cósta a bhíonn sé le fáil den chuid is mó, ach bíonn sé le fáil freisin sna sléibhte agus bíonn sé le feiceáil go rialta i Sráidbhaile na Mianadóirí, go minic ag beathú ar fheochadáin.
Tá an donnóg aille iontach á cur féin i bhfolach agus meascann a dath go maith leis na carraigeacha liath. Is speiceas iad a bhíonn le feiceáil ag deireadh an tsamhraidh, ar an sciathán ó Iúil go Meán Fómhair.
Tá a líon ag dul i léig ar fud na hÉireann agus tá sé rangaithe mar gar do bheith i mbaol. Déanann foireann na páirce monatóireacht bhliantúil ar choilíneacht de dhonnóga aille ag Sráidbhaile na Mianadóirí.
Bíonn an fraochán beag le feiceáil freisin i Sráidbhaile na Mianadóirí. Speiceas eile é atá ag dul i léig agus tá sé aicmithe mar speiceas atá gar do bheith i mbaol. Bíonn sé ar an sciathán idir Meitheamh agus Meán Fómhair.
I measc speiceas eile is féidir a fheiceáil sa Pháirc Náisiúnta tá an breacfhéileacán coille, an donnóg féir, an fháinneog, an bhánóg uaine, an barr buí, an bhánóg bheag agus an bhánóg mhór, an gormán cuilinn, an phéacóg, an ruán beag, an aimiréal dearg agus an t-áilleán. Tá radharc faighte le déanaí freisin ar an gcamóg, speiceas réasúnta nua in Éirinn.
Croí eibhir atá sna tailte sléibhe, le beanna creagacha géara ar a dtugtar siostaí, a tháinig chun cinn 500 milliún bliain ó shin i bpróiseas ar a dtugtar teicteonaic plátaí. Cruthaíodh gleannta tipiciúla u-chruthacha Ghleann Dá Loch agus Ghleann Molúra, agus comlochanna arda, móiréin, carraigeacha corr agus gleannta crochta na páirce, mar thoradh ar ghluaiseacht oighearshruthanna le linn na hOighearaoise.